EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E067

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL V - AN LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS
CAIBIDIL 1 - FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 67 (sean-Airteagal 61 CCE agus sean-Airteagal 29 CAE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 73–73 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_67/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/73


Airteagal 67

(sean-Airteagal 61 CCE agus sean-Airteagal 29 CAE)

1.   Is éard a bheidh san Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina n-urramófar cearta bunúsacha agus córais agus traidisiúin éagsúla dlí na mBallstát.

2.   Áiritheoidh sé nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine agus cumfaidh sé comhbheartas maidir le tearmann, inimirce agus rialú ag teorainneacha seachtracha, arna bhunú ar an dlúthpháirtíocht idir Bhallstáit a thugann cothrom na féinne do náisiúnaigh tríú tíortha. Chun críche an Teidil seo, déileálfar le daoine gan stát mar náisiúnaigh tríú tír.

3.   Déanfaidh an tAontas a dhícheall ardleibhéal slándála a áirithiú trí bhearta chun an choireacht, an ciníochas agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac agus trí bhearta um chomhordú agus um chomhar idir na húdaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile, chomh maith le breithiúnais a aithint go frithpháirteach in ábhair choiriúla, agus, más gá, trí na dlíthe coiriúla a chomhfhogasú.

4.   Éascóidh an tAontas an rochtain ar an gceartas, go háirithe trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta.


Top